Accept Disclaimer


Disclaimer

DISCLAIMER AND CONDITIONS OF USE for FLOOD MAPS on www.opw.ie/FloodPlans

Agreement to Terms and Conditions of Website

The Commissioners of Public Works in Ireland (the “Commissioners”) have developed the Flood Maps for the Republic of Ireland on www.opw.ie/FloodPlans (the “Website”) as part of the Catchment Flood Risk Assessment and Management (CFRAM) Programme together with Dublin City Council and other Local Authorities in accordance with Regulations 11, 12, 13 and 14 of European Communities (Assessment and Management of Flood Risks) Regulations 2010 to 2015.

It is a condition of use of the Website that you agree to be bound by the disclaimer and other terms and conditions set out below (the “Terms and Conditions”) and to the privacy policy on this Website. You are required to read the Terms and Conditions. Having read the Terms and Conditions you may proceed to use the Website and access content on the Website only by accepting the Terms and Conditions and thereby entering into a legal agreement with the Commissioners to waive any legal rights on your part in respect of the content provided. In order to indicate your agreement to the Terms and Conditions, please click on the “Accept” button. By clicking “Accept” and proceeding to access, retrieve, view, read and / or download any content, you are agreeing unconditionally and absolutely to all of the Terms and Conditions including but not limited to the disclaimer. If you decline to enter into this legal agreement by clicking “Decline”, you may not proceed to use this Website or access any content on the Website and you will be returned to the homepage of the OPW.

Disclaimer

  1. You accept, acknowledge and agree that the Commissioners make no representations, warranties, guarantees or undertakings about any of the information provided on the Website including, without limitation, the accuracy, completeness, quality or fitness for any particular purpose of the Flood Maps or any other content of the Website and that the Flood Maps and / or any other content of the Website. You agree and acknowledge that the Flood Maps and / or any other content of the Website may be wholly and grossly inaccurate, erroneous and incomplete. . The Commissioners make no representations, warranties, guarantees or undertakings that the information in the Flood Maps or any other content of the Website is up to date.
  2. The Commissioners do not make any warranties, representations, or undertakings about the content of any other website (including any website owned or operated by or on behalf of the Commissioners) that may be referred to or accessed by hyperlink within the Website.
  3. To the fullest extent permitted by applicable law, neither the State, the Commissioners nor any of its members, officers, associates (including Dublin City Council and other Local Authorities), consultants, employees, affiliates, servants, agents or other representatives shall be liable for any loss or damage whether in contract, tort (including negligence) breach of statutory duty or otherwise arising out of, or in connection with, the use of, or the inability to use, the Flood Maps or any other content of the Website, including, but not limited to, indirect or consequential loss or damages, loss of data, income, profit, or opportunity, loss of, or damage to, property and claims of third parties, even if the Commissioners have been advised of the possibility of such loss or damages, or such loss or damages were reasonably foreseeable.
  4. You accept all and any liability and responsibility for the use of any content on the Website that is downloaded, read or interpreted or used in any way by you or that is passed to a third party by you.
  5. Other Terms and Conditions of Use

  6. You will not pass on any of the Flood Maps or any other content on the Website to any third party without ensuring that said party is fully aware of the above disclaimer and all of the other Terms and Conditions.
  7. You accept that you must not use the Flood Maps or any other content of the Website for any commercial, business, professional or other income generating activity.
  8. You agree that you shall not use the Website for illegal purposes, and will respect all applicable laws and regulations. You agree not to use the Website in a way that may impair the performance, corrupt the content or otherwise reduce the overall functionality of the Website. You also agree not to compromise the security of the Website or attempt to gain access to secured areas or sensitive information. You agree to be fully responsible for any claim, expense, liability, losses, costs including legal fees incurred by the Commissioners arising from any infringement of the Terms and Conditions.
  9. The Commissioners make or offer no guarantee that the Website, or any content on it, will always be available or be uninterrupted. Access to the Website is permitted on a temporary basis. The Commissioners may suspend, withdraw, discontinue or change all or any part of the Website without notice.
  10. The Commissioners do not promise that the Website, or any content on it will always be: free from viruses and other malicious or damaging code (if electronic), or that the content will provide any particular facilities or functions or be suitable for any particular purpose. You must ensure that the content meets your needs and are entirely responsible for the consequences of using it.
  11. You acknowledge that the Commissioners are the owners of all intellectual property rights in the Website, the Flood Maps and all other content on the Website and that such works are protected by copyright laws and treaties worldwide. All such rights are reserved.
  12. Subject to the Terms and Conditions, you are is free to: copy, publish, distribute and transmit the content of the Flood Maps provided always that you must (where you do any of the foregoing):
    • not modify or adapt the content;
    • acknowledge the source of the content by including the following attribution statement: “Contains Office of Public Works information © Office of Public Works”;
    • ensure that you do not use the content in a way that suggests any official status or that the Commissioners of Public Works of Ireland endorse you or your use of the content;
    • ensure that you do not mislead others or misrepresent any information, content or its source or use the information or content in a way that is detrimental to the Commissioners, the Office of Public Works, Dublin City Council, or any Local Authority.;
    • ensure that your use of the content does not breach the Data Protection Acts
    • ensure that you do not reverse engineer, decompile etc. any code, data or content on the website so as to recreate a full dataset or other content.
  13. You accept that the Commissioners reserve the right to change the content and/or presentation of the Flood Maps or any other content of the Website at their sole discretion at any time, including and not limited to the disclaimer and /or any other of the Terms and Conditions. You agree to check this page from time to time to take notice of any changes made and that such changes shall be binding upon you.
  14. The Terms and Conditions shall be governed by, and construed in accordance with, the laws of the Republic of Ireland and you agree to the exclusive jurisdiction of the Courts of Ireland. If any provision of the Terms and Conditions shall be unlawful, void or for any reason unenforceable, that provision shall be deemed severable and shall not affect the validity and enforceability of the remaining provisions.

Séanadh


Séanadh

SÉANADH AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE le haghaidh MAPAÍ TUILE ar www.opw.ie/FloodPlans

Comhaontú le Téarmaí agus Coinníollacha an tSuímh Gréasáin

Tá na Mapaí Tuile le haghaidh Phoblacht na hÉireann ar www.opw.ie/FloodPlans (an “Suíomh Gréasáin”) tugtha chun cinn ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn (na “Coimisinéirí”) mar chuid den Chlár um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (MBPTA) i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Údaráis Áitiúla eile agus faoi réir ag Rialacháin 11, 12, 13 agus 14 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile) 2010 go 2015.

Is coinníoll úsáide an tSuímh Gréasáin go n-aontaíonn tú go mbeidh tú faoi cheangal ag an séanadh agus ag na téarmaí agus coinníollacha eile atá leagtha amach thíos (na “Téarmaí agus Coinníollacha”) agus go n-aontaíonn tú leis an bpolasaí príobháideachais ar an suíomh gréasáin seo. Ní foláir duit na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh. Tar éis duit na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh féadfaidh tú dul ar aghaidh agus an Suíomh Gréasáin a úsáid agus ábhar ar an Suíomh Gréasáin a rochtain ar an gcoinníoll amháin go nglacann tú leis na Téarmaí agus Coinníollacha agus dá réir sin go ndéanann tú comhaontú dlíthiúil leis na Coimisinéirí aon chearta dlíthiúla ar do shonsa maidir leis an ábhar a chuirtear ar fáil a tharscaoileadh. Chun a léiriú go nglacann tú leis na Téarmaí agus Coinníollacha, cliceáil le do thoil ar an gcnaipe “Glacaim”. Má chliceálann tú ar an gcnaipe ‘Glacaim’ agus má ghabhann tú ar aghaidh chun sonraí a rochtain, a aisghabháil, a fhéachaint, a léamh agus/nó a íoslódáil ina dhiaidh seo, is ionann é sin agus do chomhaontú gan choinníoll agus in iomláine leis na Téarmaí agus Coinníollacha uile, lena n-áirítear an séanadh ach gan a bheith teoranta dó. Má dhiúltaíonn tú don chomhaontú dlíthiúil seo trí chliceáil ar “Ní Ghlacaim” ní féidir leat dul ar aghaidh chun an Suíomh Gréasáin seo a úsáid ná aon ábhar ar an Suíomh Gréasáin seo a rochtain agus seolfar ar ais tú chuig leathanach baile an OPW.

Séanadh

  1. Glacann, admhaíonn agus tuigeann tú nach ndéanann na Coimisinéirí barántaí, uiríll, gealltanais ná ráthaíochtaí ar bith maidir le faisnéis ar bith a chuirtear ar fáil ar an Suíomh Gréasáin ar a n-áirítear, gan teorainn, cruinneas, iomláine, cáilíocht nó oiriúnacht chun críche áirithe ar bith na Mapaí Tuile nó aon ábhar eile ar an Suíomh Gréasáin. Aontaíonn tú agus aithníonn tú go bhféadfadh na Mapaí Tuile agus/nó aon ábhar eile ar an Suíomh Gréasáin a bheith in iomláine agus ar fad míchruinn, earráideach agus neamhiomlán. Ní dhéanann na Coimisinéirí barántaí, uiríll, gealltanais ná ráthaíochtaí ar bith go bhfuil an fhaisnéis ins na Mapaí Tuile ná aon ábhar eile ar an Suíomh Gréasáin suas chun dáta.
  2. Ní dhéanann na Coimisinéirí uiríll, barántaí ná gealltanais ar bith maidir leis an ábhar atá ar shuíomh gréasáin ar bith eile (ar a n-áirítear suíomh gréasáin ar bith faoi úinéireacht nó arna oibriú ag na Coimisinéirí nó thar a gceann) a ndéanfar tagairt dó nó gur féidir é a rochtain trí hipearnasc taobh istigh den Suíomh Gréasáin.
  3. Sa mhéid is leithne agus atá ceadaithe ag an dlí is infheidhme, ní bheidh an Stát, ná na Coimisinéirí ná duine ar bith dá gcuid comhaltaí, oifigigh, comhpháirtithe (ar a n-áirítear Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Údarás Áitiúil eile ar bith), comhairleoirí, fostaithe, cleamhnaithe, searbhóntaí, gníomhairí ná ionadaithe eile faoi dhliteanas as caillteanas ná damáiste ar bith pé acu trí chonradh nó tort (ar a n-áirítear faillí), sárú ar dhualgas reachtúil nó eile ag eascairt as, nó maidir le, úsáid nó neamhábaltacht úsáide, na Mapaí Tuile nó aon ábhar eile ar an Suíomh Gréasáin, ar a n-áirítear, ach gan a dteorannú uime sin, caillteanas nó damáistí indíreacha nó iarmhartacha, caillteanas sonraí, ioncaim, brabaigh, nó deise, caillteanas nó damáiste maoine agus éilimh tríú páirtí, fiú más amhlaidh a cuireadh na Coimisinéirí ar an eolas maidir le féidearthacht caillteanais nó damáistí dá leithéid, nó go raibh caillteanais nó damáistí dá leithéid intuartha go réasúnta.
  4. Glacann tú dliteanas agus freagracht ar bith agus go hiomlán mar gheall ar úsáid a bhaint as aon ábhar ar an Suíomh Gréasáin a dhéanann tú a íoslódáil, a léamh, a léirmhíniú nó a úsáid ar bhealach ar bith nó a dhéanann tú a sheoladh ar aghaidh chuig tríú páirtí.
  5. Téarmaí agus Coinníollacha eile Úsáide

  6. Ní sheolfaidh tú aon cheann de na Mapaí Tuile ná aon ábhar eile ar an Suíomh Gréasáin ar aghaidh chuig tríú páirtí ar bith gan a chinntiú go bhfuil an páirtí sin ar an eolas in iomláine maidir leis an séanadh thuas agus na Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide eile ar fad.
  7. Glacann tú leis nach ceart duit na Mapaí Tuile ná aon ábhar eile ar an Suíomh Gréasáin a úsáid um ghníomhaíocht ar bith tráchtála, gnó, gairme nó tuillimh ioncaim.
  8. Aontaíonn tú nach mbainfidh tú úsáid as an Suíomh Gréasáin chun críche mídhleathacha, agus go dtabharfaidh tú aird ar gach dlí agus rialachán is infheidhme. Aontaíonn tú nach mbainfidh tú úsáid as an Suíomh Gréasáin ar bhealach a fhéadfadh a fheidhmiú a lagú, an t-ábhar a thruailliú nó feidhmiú iomlán an tSuímh Gréasáin a laghdú ar chaoi ar bith eile. Aontaíonn tú chomh maith gan slándáil an tSuímh Gréasáin a a chur i gcontúirt ná iarracht a dhéanamh rochtain ar réimsí teoranta ná ar eolas íogair. Aontaíonn tú go mbeidh tú freagrach go hiomlán as aon éileamh, speansas, dliteanas, caillteanais, costais ar a n-áirítear costais dlíthiúla arna thabhú ag na Coimisinéirí ag éirí as sárú ar bith ar na Téarmaí agus Coinníollacha.
  9. Ní dhéanann ná ní thugann na Coimisinéirí ráthaíocht ar bith go mbeidh an Suíomh Gréasáin ná aon ábhar ann, ar fáil i gcónaí nó gan stopadh. Is ar bhonn sealadach a cheadaítear rochtain ar an Suíomh Gréasáin. Féadfaidh na Coimisinéirí an Suíomh Gréasáin in iomlán nó aon chuid de a chur ar fionraí, a aistharraingt, a scor nó a athrú gan fógra.
  10. Ní gheallann na Coimisinéirí go mbeidh an Suíomh Gréasáin, ná aon ábhar ann, i gcónaí saor ó víris agus ó chód eile mailíseach nó díobhálach (más leictreonach), ná go dtabharfaidh an t-ábhar aon áiseanna nó feidhmithe ar leith ná go mbeidh sé oiriúnach chun críche ar leith. Ní foláir duit a chinntiú go réitíonn an t-ábhar le do riachtanais agus go bhfuil tú freagrach in iomlán as iarmhairtí a úsáide.
  11. Admhaíonn tú gur leis na Coimisinéirí na cearta maoine intleachtúla ins an Suíomh Gréasáin, na Mapaí Tuile agus gach ábhar eile ar an Suíomh Gréasáin agus go bhfuil saothar dá leithéid faoi chosaint ag dlíthe agus conarthaí an chóipchirt ar fud an domhain. Tá gach ceart dá leithéid ar cosaint.
  12. Faoi réir ag na Téarmaí agus Coinníollacha, tá cead agat: ábhar na mapaí tuile a chóipeáil, a fhoilsiú, a scaipeadh agus a tharchur ar an gcoinníoll i gcónaí nach foláir duit (sa chás go ndéanann tú aon cheann de na nithe réamhráite):
    • gan an t-ábhar a athrú ná a oiriúnú;
    • foinse an ábhair a admháil leis an ráiteas aitheantais seo a leanas a lua: “Faisnéis ó Oifig na nOibreacha Poiblí ann © Oifig na nOibreacha Poiblí”;;
    • a chinntiú nach n-úsáideann tú an t-ábhar ar bhealach a thabharfadh stádas oifigiúil ar bith le tuiscint ná go dtacaíonn Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn leat ná leis an úsáid a bhaineann tú as an ábhar;
    • a chinntiú nach gcuireann tú daoine eile ar mhíthreoir agus nach gcuireann tú bréagléiriú ar aon fhaisnéis, ábhar ná a fhoinse agus nach n-úsáideann tú an fhaisnéis ná an t-ábhar ar bhealach atá díobhálach do na Coimisinéirí, d’Oifig na nOibreacha Poiblí, do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ná d’aon Údarás Áitiúil;
    • a chinntiú nach sáraíonn tú na hAchtanna um Chosaint Sonraí le húsáid an ábhair agat;
    • a chinntiú nach ndéanann tú ais-innealtóireacht ná díthiomsú etc. ar chód, sonraí ná ábhar ar bith ar an Suíomh Gréasáin chun tacar sonraí ná ábhar eile a athchruthú.
  13. Glacann tú gur ceartas forchoimeádta é ag na Coimisinéirí ábhar agus/nó léiriú na Mapaí Tuile nó aon ábhar eile ar an Suíomh Gréasáin a athrú ar a ndiscréid féin amháin ag am ar bith, ar a n-áirítear an séanadh agus/nó aon cheann eile de na Téarmaí agus Coinníollacha ach gan a dteorannú acu san. Aontaíonn tú an leathanach seo a fhéachaint ó am go céile chun aird a thabhairt ar athruithe ar bith a dhéantar agus go mbeidh tú faoi cheangal ag athruithe ar bith dá leithéid.
  14. Is faoi réir ag dlíthe Phoblacht na hÉireann a rialófar agus a fhorléireofar na Téarmaí agus Coinníollacha agus aontaíonn tú le dlínse eisiach Chúirteanna na hÉireann. Sa chás go mbeidh foráil ar bith de na Téarmaí agus Coinníollacha neamhdhleathach, neamhnitheach nó neamh-infheidhmithe ar chúis ar bith, measfar an fhoráil sin inscartha agus ní bheidh feidhm aige sin ar bhailíocht agus in-fhorfheidhmitheacht na bhforálacha eile atá fanta.